Wednesday, October 21, 2009

Cogadh buan ar son na síochána

Le níos mó ná fiche tíortha ag glacadh páirt ann, is cosúil go mbeímid ag cloisteáil tuairiscí ón gcogadh san Afganistáin ins na míosa agus na blianta atá amach romhainn. Anois tá forsaí speisialta na h-Éireann sa Khaboul chomh maith.Tá stádus neodrach na h-Éireann críochnaithe le fada an lá!

Anois tá sé deacair a rá cén tír atá níos contúirtí idir Afganastáin agus Pacastáin. Tá na hionsaithe féinbhuamaí ag éirí níos minicí agus níos measa le cúpla bliain anuas agus ní dhealraíonn sé go bfhuil aon dheireadh na coimhlinte. Dár le scríobhneoir pacastánach Tariq Ali, má leaneann Eagríocht chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT) agus na Stáit Aonaithe ar aghaidh le buamáil na Pacastáin is mór an contúirt go scarfaidh arm na Pacastáine ó chéile idir saighdúirí atá báúil do Taliban agus siadsan atá i bhfabhar na Stát Aontaithe. Is í an fhadhb sa Phacastáin ná nach aon aontacht bhuan, sheasmhach sa tír agus tá coimhlint eithneach dochúil le haon lagú an Stáit san Islamabad. Cur i gcás muintir na Baluchistáine i ndeisceart na tíre. Is áit fhíorbhocht í an Bhaluchastán, réigúin atá sínte idir trí tíortha: an Iráin, Pacastáin agus Afghanistáin.

Tá gluaiseacht neamhspleáchais ann sa Bhaluchastán le roinnt blianta anois, go háirithe sa Pacastáin. Ní raibh na Baluchastáinigh sásta riamh le buanacht an Stáit na Pacastáine mar gur mhothaigh siad difrúil ó mhuintir i dtúisceart na tíre. Fadhb eile sa Bhaluchastán ná go bhfuil Cuan Gwador ann. Thogáil an tSín Cuan Gwador agus tá sé fíorthábhachtach dóibh chun ola a iompú ó Mhurascaíl na Peirse. Dá bhrí sin, tá Beijing an-bhuartha faoi eagobhsaíocht pholaitúil na Pacastáine agus na himpleactaí do mhaithe eacnamíochta agus geopholaitíochta na Síne sa réigúin. Is cúis eile í do láithreacht na Stáit Aontaithe i bPacastáine, cur isteach ar mhaithe na Síne ann agus tá Baluchastán i gcróilár an chluithe mhóir sin. Beidh Baluchastáin uirlis usáideach eile chomh maith do na Stáit Aontaithe chun eagobhsaíocht a ghríosú san Iaráin, straitéis atá ar súil cheana le grúpa sceimhlitheoireachta darb ainm Jundalah atá maoinaithe ag an CIA.

Tá gach cosúlacht go mbeidh impleachtaí do roinnt tíortha eile ón gcogadh freisin; táim ag smaoineamh faoi thíortha cosúil le Tadjikistán ina bhfuil Ioslamachas míliteach ag éirí níos láidire ó thosaigh an cogadh san Afganastáin. Dá bhrí sin, is feidir linn a rá go bhfuil cogadh buan i gceist, cogadh buan ar son na síochána!

No comments:

Post a Comment